Untitled Page 1

OverviewTranscribeVersionsHelp

Facsimile

Transcription

Status: Complete
Show Translation

Do chonnac madra uisce ag teacht aisteach*
go dtí an gcladach fém' bun shíos** insa bhfaill
agus ballach treasna n-a*** bhéal aige. Tá cnuigéar****
thíos i mbun na faille céadna riamh age madraí
uisce, agus is dócha gurbh amhlaidh a bhí an madra
uisce úd ag tabhairt an bhallaigh leis go dtí
an gcnuigéar chun é [a] thabhairt dá choileáin le
n-ithe.

Dá bhfeicfeadh na garsúin é, ámhthach,
nuair a bhí sé ag teacht go dtí an gcnuigéar
a bhí anáirde***** i bport na h-aille****** aige,
do bheadh spórt an lae aca air mar do
bheidís d'iarraidh an bhallaigh a bhaint de sara
mbeadh an cnuigéar bainte amach aige.
Ach do bhí sé tamall ó dheas uatha agus ní raibh
aon radharc riamh aca air.

*= isteach
**= thíos
***= ina
****= coinigéar
*****= in áirde
******= faille

Notes and Questions

Nobody has written a note for this page yet

Please sign in to write a note for this page